Assistant Project Manager - NDFA Full-time Job
9 months ago - Others - DublinJob Details
Role Profile
Job Title: Assistant Project Manager
Division/Function: NDFA
Reports to: Senior Project Manager
Job Family: Project Management
Career Stream: Professional
Career Zone: Professional
Job Type: Permanent
- Closing Date for Applications: Wednesday 8th November 2023**
Summary Of The Business
The National Treasury Management Agency (NTMA) provides asset and liability management services to the Irish Government. Businesses managed by the NTMA include borrowing for the Exchequer and the management of the National Debt, the New Economy and Recovery Authority (NewERA), the National Development Finance Agency (NDFA), the Ireland Strategic Investment Fund and the State Claims Agency. The NTMA also assigns staff to the National Asset Management Agency, the Strategic Banking Corporation of Ireland and Home Building Finance Ireland.
Working at the NTMA offers excellent benefits including:
- Hybrid work options
- An extensive wellbeing programme
- A diverse range of initiatives: LGBT+, Gender Matters, Disability Awareness, International & Multicultural Awareness Team (IMAT), Sports & Social, Volunteering and lots more
- Excellent learning and development opportunities that allow for full career development within the organisation
- Reimbursement of annual professional membership fees
- Career average defined benefit pension scheme
Role Summary
We are seeking to recruit an Assistant Project Manager to support the delivery of large-scale Government building projects, primarily within the housing and education sectors.
About The NDFA
The NDFA provides financial advice to State authorities in respect of those public investment projects which are referred to it, with a capital value over €75 million. The NDFA procures and delivers Public Private Partnership (PPP) projects as requested by State authorities (with certain exceptions such as Transport Infrastructure Ireland) and also provides post-handover contract management and support services to some sponsoring bodies in respect of the operation and maintenance of their operational PPP facilities, and directly procures certain Exchequer-funded projects on behalf of the Department of Education.
Principal Accountabilities
The Assistant Project Manager will be a key part of a project team and assist in the day-to-day project management of all matters pertaining to the planning, procurement, construction and operational stages of a project. Depending on the stage of the project, the Assistant Project Manager will assist with:
- Management of stakeholder relationships and ensure that the integrity and reputation of the NTMA/NDFA is held in high regard.
- Development of the project scope, programme and budget.
- Appointment of design teams and other support functions.
- Supporting the project team during the planning phase with preparation of planning applications and applications for other necessary consents.
- Engagement with stakeholders to coordinate all required inputs into the project documents.
- Administration and management of all project documents on the NDFA electronic document management system.
- Creation and maintenance of project registers and trackers to ensure accurate records.
- Management and implementation of all review and certification processes during the construction stage.
- Other ancillary duties within the team as may be requested from time to time including support of tender evaluation panels and continuous improvement workgroups.
- Provision of post-handover contract management and support services in respect of the operation and maintenance stage of operational PPP facilities.
- Preparation of reports, recommendations and presentations.
- Monitoring and reporting on project risks and control measures including costs and change control, programme, health and safety and service delivery standards.
In addition the successful candidate will be expected to support and actively contribute to wider NDFA and NTMA business development and corporate strategy initiatives
Experience
- Minimum 2 years working within an architectural/consulting engineering/project management or similar environment (experience of contract administration, project management or cost management would be an advantage).
- Experience in the compilation of project documents.
- Some experience of working with public works forms of contract would be an advantage.
- Demonstrable willingness to take on new responsibilities and the ability to work unsupervised or as part of a team within a well-defined project organisation structure.
- A keen interest in sustainable development, project management and the contractual and commercial aspects of construction projects is important.
Skills
- Third level honours degree (or equivalent) in construction, engineering, quantity surveying, project management, architecture or building related discipline.
- High level of proficiency across Microsoft Office (Word, Excel, PowerPoint, Outlook, Teams) is essential; knowledge of Adobe Acrobat and MS Project, and certification in some or all Microsoft Office programs would be an advantage.
- High level of attention to detail and accuracy.
- Excellent written and oral communication skills.
- Excellent collaboration and stakeholder management skills.
- Strong analytical and decision making skills.
- Full clean driving licence (occasional site travel may be required)
Cur síos ar Rói
Teideal an Jab: Bainisteoir Tionscadail Cúnta
Rannán/Feidhm: An Ghníomhaireacht Airgeadais d'Fhorbairt Náisiúnta
Freagrach do: Bainisteoir Tionscadal Sinsearach
An Cineál Poist: Bainistiú Tionscadail
An Sruth Gairme: Gairmiúil
Réimse Gairme: Gairmiúil
An Cineál Poist: Buan
- Dáta Deiridh le haghaidh Iarratas: Dé Céadaoin an 8ú Somhain 2023**
Achoirme ar an nGnó
Soláthraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas do Rialtas na hÉireann. I measc na ngnóthaí atá á mbainistiú ag GBCN tá iasachtaí a fháil don Státchiste agus bainistiú an Fhiachais Náisiúnta, an Údaráis um Gheilleagar Nua agus Téarnamh (NewERA), an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (GAFN), Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann agus an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát. Sannann GBCN baill foirne freisin don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, do Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann, agus do Mhaoiniú Tógála Tithíochta Éireann.
Tá Buntáistí iontach ag baint le bheith ag obair sa GBCN lena n-áiritear
- Roghanna oibre solúbtha lena n-áirítear obair hibrideach agus uaireanta oibre athraitheacha.
- Clár fairsing folláine
- Deiseanna foghlama agus forbartha den scoth sa chaoi gur féidir forbairt iomlán gairme a fháil laistigh den eagraíocht
- Raon éagsúil tionscnamh: LGBT+, Cúrsaí Inscne, Feasacht maidir le Míchumais, Cúrsaí Spóirt & Sóisialta, Obair Dheonach agus go leor eile.
- Aisíocaíocht táillí bliantúla i leith comhaltas gairmiúil
- Meánscéim pinsean um shochair shainithe gairme
Tá GBCN bródúil as a bheith ina fhostóir comhdheiseanna. Aithnímid go gcuireann ionad oibre ilchineálach agus cuimsitheach eolas ar fáil do chinnteoireacht níos fearr, do smaointeoireacht chruthaitheach, do nuálaíocht agus go gcuireann sé le feidhmíocht ghnó. Táimid tiomanta go daingean d’fhéachaint chuige go bhfuil daoine ó gach aicme den tsochaí inár bhfórsa saothair.
Achoirme ar an Rói
Táimid ag iarraidh Bainisteoir Cúnta Tionscadail a earcú chun tacú le soláthar tionscadal mórscála tógála an Rialtais go príomha laistigh de na hearnálacha tithíochta agus oideachais.
Maidir leis An Ghníomhaireacht Airgeadais d'Fhorbairt Náisiúnta GAFN
Cuireann an GAFN comhairle airgid ar fáil d’údaráis Stáit maidir leis na tionscadail infheistíochta poiblí sin a chuirtear faoina bráid, a bhfuil luach caipitiúil os cionn €75 milliún ag baint leo. Soláthraíonn agus seachadann an GAFN tionscadail Chomhpháirtíochta Poiblí Príobháidí (CPP) de réir mar a iarrann údaráis Stáit (seachas eisceachtaí áirithe mar Bhonneagar Iompair Éireann) agus cuireann sí bainistíocht chonartha agus seirbhísí tacaíochta iar-aistrithe ar fáil do roinnt comhlachtaí urraíochta maidir le hoibriú agus cothabháil a n-áiseanna oibriúcháin CPP, agus soláthraíonn sí tionscadail áirithe arna maoiniú ag an Státchiste go díreach thar ceann na Roinne Oideachais.
Príomhréimsi Freagreachta
Beidh an Bainisteoir Tionscadail Cúnta ina c(h)uid lárnach d’fhoireann tionscadail agus cabhróidh sé nó sí le bainistíocht laethúil tionscadail ar gach ábhar a bhaineann le céimeanna pleanála, soláthair, tógála agus oibriúcháin tionscadail. Ag brath ar chéim an tionscadail, cabhróidh an Bainisteoir Tionscadail Cúnta le:
- Caidreamh le páirtithe leasmhara a bhainistiú agus a chinntiú go mbíonn ardmheas ar ionracas agus ar cháil an GBCN/GAFN.
- Sóip, clár agus buiséad an tionscadail a fhorbairt.
- Foirne deartha agus feidhmeanna tacaíochta eile a cheapadh.
- Tacú le foireann an tionscadail le linn na céime pleanála maidir le hiarratais phleanála agus iarratais ar thoilithe riachtanacha eile a ullmhú.
- Teagmháil le páirtithe leasmhara chun gach ionchur riachtanach i ndoiciméid an tionscadail a chomhordú.
- Riar agus bainistiú gach doiciméad tionscadail ar chóras leictreonach bainistíochta doiciméad an GAFN.
- Cruthú agus cothabháil clár tionscadail agus rianaithe chun taifid chruinne a chinntiú.
- Bainistiú agus cur i bhfeidhm gach próiseas athbhreithnithe agus deimhniúcháin le linn na céime tógála.
- Dualgais choimhdeacha eile laistigh den fhoireann de réir mar a iarrtar ó am go chéile lena n-áirítear tacaíocht a thabhairt do phainéil um meastóireacht tairisceana agus do ghrúpaí oibre um fheabhsú leanúnach.
- Bainistiú conartha iar-aistrithe agus seirbhísí tacaíochta a sholáthar maidir le céim oibríochta agus cothabhála áiseanna oibriúcháin CPP.
- Tuarascálacha, moltaí agus cuir i láthair a ullmhú.
- Monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar rioscaí tionscadail agus bearta rialaithe lena n-áirítear costais agus rialú athraithe, clár, sláinte agus sábháilteacht agus caighdeáin maidir le soláthar seirbhíse.
Ina theannta sin beifear ag súil go dtacóidh agus go rannchuideoidh an t-iarrthóir rathúil go gníomhach le tionscnaimh forbartha gnó GAFN agus GBCN agus le straitéisí corparáideacha níos leithne.
Taithí
- 2 bhliain ar a laghad ag obair laistigh de thimpeallacht ailtireachta/innealtóireachta chomhairliúcháin/bainistíochta tionscadail nó obair chosúil (Ba bhuntáiste taithí ar riar conartha, ar bhainistiú tionscadail nó ar bhainistiú costais).
- Taithí ar dhoiciméid tionscadail a thiomsú.
- Ba bhuntáiste roinnt taithí maidir le bheith ag obair le foirmeacha conartha i gcás oibreacha poiblí.
- Léiriú go bhfuil sé nó sí toilteanach freagrachtaí nua a ghlacadh agus in ann oibriú gan mhaoirseacht nó mar chuid d’fhoireann laistigh de struchtúr dea-shainithe eagraíochta tionscadail.
- Tá sé tábhachtach go mbeadh suim mhór aige nó aici i bhforbairt inbhuanaithe, i mbainistiú tionscadal agus i ngnéithe conartha agus tráchtála na dtionscadal tógála.
Scileanna
- Céim onóracha tríú leibhéal (nó a chomhionann) i dtógáil, innealtóireacht, suirbhéireacht chainníochta, bainistíocht tionscadail, ailtireacht nó disciplín a bhaineann le tógáil.
- Ardleibhéal oilteachta ar Microsoft Office (Word, Excel, PowerPoint, Outlook, Teams) riachtanach; agus ba bhuntáiste eolas ar Adobe Acrobat agus MS Project, agus deimhniú i roinnt clár Microsoft Office nó i ngach clár de chuid Microsoft.
- Ardleibhéal airde ar mhionsonraí agus ar chruinneas.
- Scileanna cumarsáide (scríofa agus ó bhéil) den scoth.
- Sár-scileanna maidir le comhoibriú agus déileáil le páirtithe leasmhara.
- Scileanna láidre anailíse agus cinnteoireachta.
- Ceadúnas iomlán tiomána atá glan (b’fhéidir go mbeidh sé riachtanach taisteal chuig an láthair ó am go chéile).